Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach

Tá Ré nua Cumarsáide ar leac an dorais.  Cá mbeidh muintir na Gaeilge san saol atá romhainn?

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, eagróidh Gréasán na Meán Skillnets i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus ROSG, an chomhdháil
Pobal na Gaeilge sa Ré Dhigiteach.

Beidh aoichainteoirí ann ó na móreagrais Ghaeilge, ón earnáil oideachais, teilifíse, raidió, foilsitheoireachta & idirlín, chomh maith le cainteoirí idirnáisiúnta fearacht an tOllamh Kevin Scannell as Ollscoil Saint Louis.

Beidh cur i láthair ag an Dr. Aodhán Mac Cormaic faoi phlean nua digiteach an Stáit ó thaobh na Gaeilge de, a bheas á foilsiú go luath ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Taispeánfar an bóthar atá os ár gcomhair, faoi threoir shaineolaithe sna nua-thionscail, - Réaltacht Fíorúil (Virtual Reality) agus an Ríomh theicneolaíocht.

Seans é seo réamh-léargas a fháil ar na deiseanna a bheidh ann le na Gaeil a neartú agus le sodar a chur fúinn mar phobal fíorúil idirnáisiúnta.

Beidh ateangaireacht chomhuaineach ar fáil ar an lá.

Dáta Déardaoin, 10/03/16
Láthair Óstán Chósta Chonamara,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe.
Am 9:00 – 17:00
Teagmháil eolas@rosg.ie
(091) 558460

 

Steve Ó Cualáin - Oscailt & Fáiltiú



Aodhán Mac Cormaic - An Straitéis Dhigiteach



James Corbett - Ré Nua na Réaltachta Fíorúla (Virtual Reality)



Ailbhe Ní Chasaide & Neasa Ní Chiaráin - An Ghaeilge agus Úsáid na Teicneolaíochta Ar-Líne



Brian Ó Raghaillaigh - An Ghaeilge agus Úsáid na Teicneolaíochta Ar-Líne



Eilís Ní Dhúill - An Ghaeilge agus Úsáid na Teicneolaíochta Ar-Líne



Seán Cathal Ó Coileáin - Todhchaí Mheáin na Gaeilge Ar-Líne



Tomaí Rua Ó Conghaile - Todhchaí Mheáin na Gaeilge Ar-Líne



Aindriú Mac An Rí - Ag Forbairt Pobal Ar-Líne



Ciarán Ó Cofaigh - Ag Forbairt Pobal Ar-Líne



Kevin Scannell - An Ghaeilge agus Úsáid na Teicneolaíochta Ar-Líne

Kevin Scannell

Kevin Scannell

Tá Kevin Scannell ina Ollamh le Matamaitic agus Ríomheolaíocht in Ollscoil San Louis, Missouri.
Oibríonn sé i gcomhar le grúpaí ar fud an domhain le hacmhainní ríomhaireachta a fhorbairt a chuidíonn leo a dteanga dhúchais a úsáid ar líne.
Tá suim ar leith aige sa Ghaeilge agus sna teangacha Ceilteacha eile; tá gramadóir, litreoir, agus teasáras Gaeilge forbartha aige, chomh maith le foclóirí agus inneall aistriúcháin Gàidhlig-Gaelg-Gaeilge.  
Glacann sé páirt i dtogra a sholáthraíonn leaganacha Gaeilge de roinnt táirgí ríomhaireachta mór-le-rá: Mozilla Firefox, LibreOffice, Gmail, agus Twitter mar shampla.
I 2011, bhunaigh sé an suíomh Indigenous Tweets chun mionteangacha agus teangacha dúchasacha a chur chun cinn sna meáin shóisialta.

Aodhan Mac Cormaic

Aodhán Mac Cormaic

Rugadh agus tógadh Aodhán i mBaile Átha Cliath, áit a d'imir sé iománaíocht dá chontae ag gach leibhéal. Pósta le Bridie Ní Churraoin as an Trá Bháin, le hiníon amháin acu, tá sé ina chónaí i gceantar Chois Fharraige ó 1997 i leith.
Is céimí é den London School of Economics, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bronnadh Céim Dhochtúireachta sa Rialachas air i 2015.
Cé gur chaith sé seal ag obair sa Roinn Saothair, is sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an chuid is mó dá shaoil ghairmiúil caite aige ag plé le cúrsaí Gaeilge agus oileáin.
Le roinnt blianta anuas, tá Aodhán ag díriú ar forbairt na Gaeilge san earnáil digiteach, san Aontas Eorpach agus in ollscoileanna idirnáisiúnta.

James Corbett

James Corbett

Tá 20 bliain de thaithí sa tionscal IT ag James Corbett (B. Inn. Innealtóireacht Ríomhaire, Ollscoil Luimnigh) tar éis dó a bheith ag obair le Apple agus Motorola i róil éagsúla ó Thástáil Bogearraí go dtí Riaradh Córas Gréasáin.
Bhunaigh sé a chéad ghnó in 2002, fóram spóirt ar líne a bhí ag trádáil go hidirnáisiúnta. Dámhachtaí de chuid Social Entrepreneurs Ireland é James agus d'fheidhmigh sé mar chomhairleoir teicniúil do Ghaelscoil Ó Doghair, áit ar oibrigh sé in éineacht leis an bPríomhoide, Daithí Ó Murchú, chun ardán fíorúil domhanda a thabhairt isteach do scoileanna. Seoladh an tionscadal, MissionV, mar thionscadal neamhbhrabúis in 2011 agus fuarthas maoiniú ón Roinn Oideachais chun é a fheidhmiú in 20 bunscoil ar fud na tíre.
Tá tacaíocht faighte ag a thionscnamh nua - Simvirtua - ó Fhiontraíocht Éireann faoin gclár New Frontiers, agus tá uirlisí do Réaltacht Fhíorúil agus Bhreisithe á fhorbairt aige don earnáil Fhiontraíochta agus na Tionsclaíochta chomh maith le bheith ag cur seirbhísí comhairleoireachta ar fáil.

Eilis Ni Dhuill

Eilís Ní Dhúill

Is léachtóir le Cumarsáid na Gaeilge í Eilís Ní Dhúill in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Le tacaíocht ón gComhairle Um Thaighde in Éirinn, bhain sí céim PhD amach sa Nua-Ghaeilge le déanaí in OÉG. Is é an t-ábhar taighde a bhí ag Eilís, cleachtas scéalaíochta phobail thraidisiúnta Ghaeilge agus an léiriú físiúil a dhéantar air ar scannáin fhaisnéise theilifíse Ghaeilge.
Tá sainspéis ag Eilís i gcultúr, i dtraidisiún agus i gcleachtais scéalaíochta phobail na hÉireann ar an uile ardán.

Ronan Mac Con Iomaire

Rónán Mac Con Iomaire

Is é Rónán Mac Con Iomaire Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, an chéad duine a ceapadh sa ról sin. Roimhe seo, bhí sé ina Leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí sé ina Chomhfhreagraí Rialtas Áitiúil do Nuacht RTÉ agus TG4, áit ar bhuaigh sé duaiseanna as a chuid iriseoireachta, chomh maith le bheith ag scríobh do fhoilseacháin ar nós an Irish Independent, Evening Herald agus Irish Times.
Bronnadh gradam Scríbhneoir Úr na Bliana ar Rónán as Rocky Ros Muc, beathaisnéis ar an dornálaí Seán Ó Mainnín, agus an leabhar Gaeilge is tapúla díol riamh. Freisin, bhunaigh sé comhlacht caidreamh poiblí, agus chaith roinnt blianta mar thábhairneoir i gcathair na Gaillimhe.
Tá suim mhór aige i gcúrsaí aclaíochta agus bhunaigh sé TríSpórt, club trí-atlain do Chonamara agus Árainn, in 2010.
Tá cónaí ar Rónán ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe lena bhean chéile, Máirín, agus triúr clainne.

Sean Cathal

Seán Cathal Ó Coileáin

Is fear Gaeltachta, ó Ghaoth Dobhair ó dhúchas, é Seán Cathal. Agus é ina mhac léinn, d'fhreastail sé ar an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha. Is í a thaithí mar phéintéir a spreag a shuim i gcúrsaí a bhain le gluais-ghraificí agus dearadh ríomhaireachta.
Thosaigh sé ag obair le TnaG in 1997, ag tréimhse inar thosaigh an réabhlóid digiteach ag cur athrú ó bhun ar gach gné d'earnáil na teilifíse. Agus é i dtús a chuid oibre ansin, bhí sé lárnach sa bhfoireann a dhear agus a chuir i bhfeidhm athbhrandáil chinniúnach an stáisiún go TG4 in 1998.
Ina ról reatha le TG4 mar Stiúrthóir Cruthaitheach agus Branda, bíonn sé ag plé le haitheantas na seirbhíse ag gach leibhéal agus ar gach ardán digiteach, idir léiriú, dearadh, margaíocht agus cumarsáid.

Ailbhe Ni Chasaide

Ailbhe Ní Chasaide

Is í Ailbhe Ní Chasaide príomhstiúrthóir an tionscadail ABAIR (féach: www.abair.ie). Tá baint aici le gach gné den obair atá idir lámha. Is saineolaí san fhoghraíocht í, agus tá freagracht faoi leith aici as na gnéithe sin den tionscadal a bhaineann le foghraíocht agus le córas fuaime na Gaeilge, le dearadh corpais, taifeadadh, agus fóinéimiú. Tá suim aici i bprosóid na Gaeilge, i bprosóid mothúcháin, agus in úsáid na sintéise i gcúrsaí oideachais agus rochtana.

Tomai O Conghaile

Tomaí Ó Conghaile

Is eagarthóir irise agus láithreoir é Tomaí a bhfuil taithí 10 mbliana aige sna meáin Ghaeilge.
Iar-iriseoir agus Leas-Eagarthóir ar an nuachtán laethúil Lá Nua, bhunaigh sé an iris chultúir NÓS in 2008 atá anois ina suíomh nuálach idirlín a bhfuil pobal beoga léitheoireachta aige in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Chuir Tomaí clár Gaeilge BBC Raidió Uladh, Blas, i láthair ar feadh sé bliana agus faoi láthair is láithreoir é ar an tsraith chainte agus cheoil 'I Lár an Aonaigh' ar BBC 2 NI. Roimhe sin láithrigh sé an tsraith spleodrach taistil 'Art agus Tomaí san Eoraip' agus an t-irischlár 'Imeall Geal' ar BBC 2, mar aon le 'Meitheal nó Meáin' ar TG4. Is cathaoirleach é chomh maith ar choiste Ravelóid, féile úrnua ceoil Ghaeilge a bheas ag tarlú i samhradh 2016.

Brian-0-Raghallaigh

Brian Ó Raghallaigh

Léachtóir in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, é an Dr Brian Ó Raghallaigh mar a bhfuil sé ina bhainisteoir teicniúil ar thionscadail taighde sna daonnachtaí digiteacha (Féach: ainm.ie, duchas.ie, gaois.ie, logainm.ie, tearma.ie).
D'oibrigh sé roimhe seo ar an tionscadal ríomhchainte Gaeilge abair.ie i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Tá cúlra aige sa ríomheolaíocht, sa teangeolaíocht agus sa Ghaeilge, agus chríochnaigh sé a thráchtas Ph.D. in 2010 ar fhóinéimiú ilchanúnach don Ghaeilge, san ollscoil chéanna.
D'fhoilsigh sé an leabhar "Fuaimeanna na Gaeilge" sa bhliain 2014 (Féach: fuaimeanna.ie).

Neasa Ni Chiarain

Neasa Ní Chiaráin

Is taighdeoir iardhochtúireachta í Neasa Ní Chiaráin atá ag obair ar an tionscadal téacs-go-hurlabhra ABAIR sa tSaotharlann Foghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide (féach www.abair.ie).
Tá spéis ar leith ag Neasa i bhfoghlaim ríomhchuidithe teangacha, go háirithe féachaint conas nuatheicneolaíochtaí na hurlabhra agus na teanga a chur in úsáid ar bhealaí éifeachtacha d'fhoghlaim is do mhúineadh na Gaeilge.

Aindriu Mac an Ri

Aindriú Mac an Rí

Oibríonn Aindriú Mac an Rí mar Fhorbróir Ardán Ilmheán don suíomh, PEIG.ie - suíomh nua a chuireann eolas ar an nGaeilge agus na Gaeltachtaí, mar aon le heolas ar imeachtaí, scéalta nuachta, ranganna agus ciorcail comhrá ar fáil don phobal.
Is blagálaí, láithreoir agus scríbhneoir gníomhach é agus cuireann sé cúpla seó seachtainiúil i láthair ar Raidió na Life.
Bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide agus tá Máistreacht i Litríocht na hÉireann (TCD) bainte amach aige le déanaí.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar an tseirbhís nuachta ar líne Tuairisc.ie agus ar an iris Comhar.
D'oibrigh sé mar iriseoir leis an nuachtán Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán sin ó 2003 go 2009.
Nuair a dúnadh Foinse i 2009 thug sé seal ag obair mar Chomhairleoir Gaeilge don Rialtas. Caith sé tréimhse chomh maith ag léachtóireacht san iriseoireacht i Fiontar DCU.
Tá leabhar scríofa aige ar stair TG4 atá le foilsiú ag Cois LIfe.

Ciaran o Cofaigh

Ciarán Ó Cofaigh

Comhbhunaitheoir an chomhlacht scannán agus teilifíse, ROSG, é Ciarán Ó Cofaigh, agus léiritheoir/stiúrthóir/beochantóir atá ann a bhfuil seantaithí aige ar obair scannán agus teilifíse.
Tá gradam agus duaiseanna bainte amach aige in Éirinn agus thar lear. I measc na léiriúchain seo tá an fad scannán Cré na Cille, agus na sraitheanna Na Cloigne, Scéal na Gaeilge agus An Bronntanas.
Tá sé mar chobhunaitheoir agus léiritheoir sraithe ar na scéimeanna gearrscannán a léiríonn Síol Scéal ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar scríbhneoirí agus stiúrthóirí nua. As an scéim seo tá 24 gearrscannáin leath uair a chloig léirithe agus craolta ar TG4.
Chaith Ciarán am mar theagascóir sna meáin le Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

9:00 - 9:30 Clárú
9:30 - 9:45 Oscailt & Fáiltiú
Steve Ó Cualáin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta
Áisitheoir Aoife Ní Thuairisg
9:45 - 10:15 An Straitéis Dhigiteach
Aodhán Mac Cormaic, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
10:15 - 10:45 Ré Nua na Réaltachta Fíorúla (Virtual Reality)
James Corbett, Simvirtua
10:45 - 11:15 Sos
11:15 - 12:30 An Ghaeilge agus Úsáid na Teicneolaíochta Ar-Líne
Ailbhe Ní Chasaide & Neasa Ní Chiaráin Abair.ie/Coláiste na Tríonóide
Brian Ó Raghaillaigh, Fiontar/DCU
Eilís Ní Dhúill, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
12:30 - 13:30 Lón
13:30 - 14:45 Todhchaí Mheáin na Gaeilge Ar-Líne
Seán Tadhg Ó Gairbhí, Tuairisc.ie
Seán Cathal Ó Coileáin, TG4
Rónán Mac Con Iomaire, RTÉ
Tomaí Rua Ó Conghaile, Nós
14:45 - 15:15 Sos
15:15 - 16:30 Ag Forbairt Pobal Ar-Líne
Aindriú Mac An Rí, Conradh na Gaeilge/ PEIG (Pobal Eolas Ilmheáin Gaeilge)
Ciarán Ó Cofaigh, ROSG
Kevin Scannell, Ollscoil San Louis, Missouri
16:30 - 17:00 Q & A Ginearálta
ENGLISH